Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
An t-aoibhneas a bhain sé as toradh a chuid curaíochta, na préataí agus an choirce. Is maith leis ag smaoineamh ar an am a chuaigh thart. Ní amharcann sé ar mórán teilifíse. | 00:04:10 | |
Nuair a thosaigh sé ag caitheamh toitíní “woodbines”. Thosaigh sé nuair a bhí sé ar an scoil, d’iarradh siad cead ar an mháistir le dhul amach na leithris. Is iomaí a bheir an máistir orthu agus iad ag caitheamh. | 00:01:43 | |
Bhain sé sult maith as an tsaol, tá saol maith aige anois ach is iomaí uair a ba mhaith leis lá amháin ón tsean am. An ragaireacht a bhíodh orthu san am sin. Bhí bróga acu don Domhnach nó dá mbíodh siad ag imeacht an Lagáin. | 00:02:43 | |